Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Comharthaí neamh-idirmhalartacha (NFT)

  • Bealach chun aon rud uathúil a léiriú mar shócmhainn atá bunaithe ar Ethereum.
  • Bíonn NFTanna ag tabhairt níos mó cumhachta do chruthaitheoirí ábhair ná riamh.
  • Arna gcumhachtú ag conarthaí cliste ar bhlocshlabhra Ethereum.

Cad is NFTanna ann?

Is comharthaí iad NFTanna atá uathúil go haonarach. Tá airíonna éagsúla (neamh-idirmharlartacha) ag gach NFT agus is cinnte go bhfuil sé gann. Tá sé seo difriúil ó chomharthaí ar nós nó comharthaí eile atá bunaithe ar Ethereum cosúil le USDC, áit a bhfuil gach comhartha comhionann agus a bhfuil na hairíonna céanna aige (‘fungible’). Is cuma leat cén bille dollar sonrach (nó ETH) atá agat i do sparán, mar tá siad go léir comhionann agus comhluachmhar. Mar sin féin, tugann tú aird ar an NFT ar leith atá agat, toisc go bhfuil airíonna aonair acu go léir a dhéanann idirdhealú idir iad agus daoine eile ('neamh‑idirmhalartach').

Tríd uathúlacht gach NFT cumasaítear rudaí cosúil le healaín, earraí inbhailithe, nó fiú eastát réadach a théacschomharthú, i gcás ina seasann NFT uathúil amháin ar fhíorshaol nó ar mhír dhigiteach uathúil. Tá úinéireacht sócmhainne infhíoraithe go poiblí ar Ethereum .

Idirlíon sócmhainní

Réitíonn NFTanna agus Ethereum cuid de na fadhbanna atá ann ar an Idirlíon inniu. De réir mar a éiríonn gach rud níos digití, ní mór airíonna míreanna fisiceacha, cosúil le ganntanas, uathúlacht agus cruthúnas úinéireachta, a mhacasamhlú ar bhealach nach bhfuil á rialú ag eagraíocht lárnach. Mar shampla, le NFTanna, is féidir leat comhad ceoil mp3 a bheith agat ar fud gach feidhmchláir atá bunaithe ar Ethereum agus gan a bheith ceangailte le haip cheoil ar leith ar le cuideachta amháin í ar nós Spotify nó Apple Music. Is féidir leat hanla meán sóisialta a bheith agat ar féidir leat a dhíol nó a mhalartú, ach ní féidir le soláthraí ardáin é a thógáil uait go treallach.

Seo an chuma ar idirlíon NFTanna a cuireadh i gcomparáid leis an idirlíon a úsáideann an chuid is mó againn inniu...

Comparáid

Idirlíon NFTAn tIdirlíon inniu
Is leatsa do shócmhainní! Ní féidir ach leatsa iad a dhíol nó a mhalartú.Tá sócmhainn ar cíos agat ó eagraíocht éigin agus is féidir í a bhaint uait.
Tá NFTanna uathúil go digiteach, níl aon dá NFT mar an gcéanna.Go minic ní féidir idirdhealú a dhéanamh idir cóip agus an bhunchóip.
Stóráiltear úinéireacht NFT ar an mblocshlabhra ionas gur féidir le duine ar bith í a fhíorú go poiblí.Tá rochtain ar thaifid úinéireachta na míreanna digiteacha rialaithe ag institiúidí - ní mór duit a gcuid focal a ghlacadh air.
Is iad NFTanna ar Ethereum. Ciallaíonn sé seo gur féidir iad a úsáid go héasca i gconarthaí cliste eile agus in aipeanna ar Ethereum!Is iondúil go mbíonn infreastruchtúr "gairdín daingean" féin ag teastáil ó chuideachtaí a bhfuil earraí digiteacha acu.
Is féidir le cruthaitheoirí ábhair a gcuid oibre a dhíol áit ar bith agus is féidir leo rochtain a fháil ar mhargadh domhanda.Bíonn cruthaitheoirí ag brath ar bhonneagar agus dáileadh na n-ardán a úsáideann siad. Is minic a bhíonn siad seo faoi réir téarmaí úsáide agus srianta geografacha.
Is féidir le cruthaitheoirí NFT cearta úinéireachta a choinneáil ar a gcuid oibre féin, agus dleachtanna a chlárú go díreach isteach sa chonradh NFT.Is iad ardáin, ar nós seirbhísí sruthaithe ceoil , a choinníonn formhór na mbrabús ó dhíolacháin.

Cad chuige a n-úsáidtear NFTanna?

Úsáidtear NFTanna le haghaidh go leor rudaí, lena n‑áirítear:

  • le cruthú gur fhreastail tú ar imeacht
  • le deimhniú gur chríochnaigh tú cúrsa
  • míreanna in-sealbhaithe le haghaidh cluichí
  • ealaín dhigiteach
  • sócmhainní fíor-dhomhain a théacschomharthú
  • d’aitheantas ar líne a chruthú
  • cosaint ar rochtain ar ábhar
  • ticéadú
  • ainmneacha fearainn idirlín díláraithe
  • comhthaobhacht in

B’fhéidir gur ealaíontóir thú atá ag iarraidh a gcuid oibre a roinnt le NFTanna, gan smacht a chailleadh agus do bhrabúis a bhronnadh ar idirghabhálaithe. Is féidir leat conradh nua a chruthú agus líon na NFTanna, a n-airíonna agus nasc le roinnt saothar ealaíne ar leith a shonrú. Mar ealaíontóir, is féidir leat na dleachtanna ar cheart a bheith íoctha leat a ríomhchlárú isteach sa chonradh cliste (m.sh. aistrigh 5% den phraghas díola chuig úinéir an chonartha gach uair a aistrítear NFT). Is féidir leat a chruthú i gcónaí gur chruthaigh tú na NFTanna toisc gur leatsa an a bhain feidhm as an gconradh. Is féidir le do cheannaitheoirí a chruthú go héasca go bhfuil NFT barántúal acu as do bhailiúchán toisc go bhfuil a sparáin bainteach le comhartha i do chonradh cliste. Is féidir leo é a úsáid ar fud éiceachóras Ethereum, agus iad muiníneach as a bharántúlacht.

Foghlaim, ceannaigh nó cruthaigh do chuid ealaíne/earraí inbhailithe NFT féin...
Foghlaim faoi ealaín NFT

Nó smaoinigh ar thicéad chuig imeacht spóirt. Díreach mar is féidir le heagraí imeachta a roghnú cé mhéad ticéad a dhíolfaidh sé, is féidir le cruthaitheoir NFT a chinneadh cé mhéad macasamhail atá ann. Uaireanta is macasamhla cruinne iad seo, amhail 5000 ticéad Iontrála Ginearálta. Uaireanta déantar roinnt díobh a bhualadh atá an-chosúil, ach beagán difriúil óna chéile, mar thicéad le suíochán sannta. Is féidir iad seo a cheannach agus a dhíol idir comhghleacaithe gan íoc as láimhseálaithe ticéad agus dearbhaíonn an ceannaitheoir i gcónaí barántúlacht an ticéid trí sheoladh an chonartha a sheiceáil.

Ar ethereum.org, úsáidtear NFTanna chun a léiriú gur chuir daoine go mór lenár stór Github (rinneadar an láithreán Gréasáin a ríomhchlárú, scríobhadar alt nó d'athraíodar alt...), gur aistríodar ár n‑ábhar, nó d’fhreastalaíodar ar ár nglaonna pobail, agus tá ainm fearainn NFT dár gcuid féin againn fiú. Má chuireann tú le ethereum.org, is féidir leat NFT a éileamh. Bhain roinnt cruinnithe crypto úsáid as POAPanna mar thicéid. Tuilleadh faoin rannchuidiú.

ethereum.org POAP

Tá ainm fearainn eile ar an láithreán gréasáin seo freisin arna chumhachtú ag NFTanna, ethereum.eth. Tá ár seoladh .org á bhainistiú go lárnach ag soláthraí córais ainmneacha fearainn (DNS), ach tá ethereum .eth cláraithe ar Ethereum trí Sheirbhís Ainmneacha Ethereum (ENS). Agus tá sé faoinár n-úinéireachtsan agus á bhainistiú againne. Seiceáil ár dtaifead ENS(opens in a new tab)

Tuilleadh faoi ENS(opens in a new tab)

Conas a oibríonn NFTanna?

Cruthaítear NFTanna, cosúil le gach earraí digiteacha ar bhlocshlabhra Ethereum, trí chlár ríomhaireachta speisialta atá bunaithe ar Ethereum ar a dtugtar "conradh cliste". Leanann na conarthaí seo rialacha áirithe, amhail caighdeáin , trína gcinntear cad is féidir leis an gconradh a dhéanamh.

Is féidir le conradh cliste NFT roinnt rudaí tábhachtacha a dhéanamh:

  • Cruthaigh NFTanna: Is féidir leis NFTanna nua a dhéanamh.
  • Sann Úinéireacht: Coinníonn sé súil ar cé leis na NFTanna trína nascadh le seoltaí sonracha Ethereum.
  • Tabhair Céannacht do gach NFT: Tá uimhir uathúil ag gach NFT. Ina theannta sin, de ghnáth bíonn roinnt faisnéise (meiteashonraí) ag gabháil leis, a chuireann síos ar a seasann an NFT.

Nuair a dhéanann duine NFT a "chruthú" nó a "bhualadh", tá siad go bunúsach ag tabhairt treorach don chonradh cliste chun úinéireacht a thabhairt dóibh ar NFT áirithe. Stóráiltear an fhaisnéis seo go sábháilte agus go poiblí sa blockchain.

Ina theannta sin, is féidir le cruthaitheoir an chonartha rialacha breise a chur leis. D’fhéadfaidís teorainn a chur le cén líon de NFT áirithe is féidir a dhéanamh nó cinneadh a dhéanamh gur cheart dóibh táille bheag dleachta a fháil nuair a athraítear úinéireacht an NFT ó dhuine go duine.

Slándáil NFT

Tagann slándáil Ethereum ó . Tá an córas deartha chun gníomhartha mailíseacha a dhídhreasú go heacnamaíoch, rud a fhágann gur féidir le Ethereum a bheith dosháraithe. Is é sin a fhágann gur féidir NFTanna a bheith ann. Agus an ina bhfuil d'idirbheart NFT chosnódh sé na milliúin ETH ar ionsaitheoir é a athrú. Bheadh ​​​duine ar bith atá ag rith bogearraí Ethereum in ann cur isteach mímhacánta le NFT a bhrath láithreach, agus chuirfí pionós eacnamaíoch ar an meirleach agus dhéanfaí é a dhíshealbhú.

Is minic a bhaineann saincheisteanna slándála i dtaca le NFTanna le camscéimeanna fioscaireachta, leochaileachtaí conarthaí cliste nó earráidí úsáideoirí (amhail eochracha príobháideacha a nochtadh go neamhaireach), rud a fhágann go bhfuil ríthábhachtacht ag baint le slándáil mhaith sparáin le haghaidh úinéirí NFT.

Tuilleadh faoi shlándáil

Tuilleadh léitheoireachta

Acmhainní eile

Tástáil do chuid eolais Ethereum

An raibh an leathanach seo cabhrach?