Foghlaim trí chódú
Leis na huirlisí seo cabhrófar leat triail a bhaint as Ethereum más fearr leat eispéireas foghlama níos idirghníomhaí.
Boscaí gainimh cóid
Tabharfaidh na boscaí gainimh seo spás duit chun triail a bhaint as conarthaí cliste a scríobh agus tuiscint a fháil ar Ethereum.

Eth.build
Bosca gainimh oideachais le haghaidh web3, lena n‑áirítear ríomhchlárú tarraing-agus-titim agus bloic tógála foinse oscailte.
web3

DApp World
Éiceachóras breisoiliúna blocshlabhra, lena n‑áirítear cúrsaí, tráth na gceist, cleachtas praiticiúil agus comórtais sheachtainiúla.
Solidity
web3

Replit
Timpeallacht forbartha inoiriúnaithe do Ethereum le hathlódáil te, seiceáil earráide agus tacaíocht testnet den chéad scoth.
Solidity
web3

Tenderly
Is timpeallacht fréamhshamhaltaithe é Tenderly Sandbox inar féidir leat conarthaí cliste a scríobh, a fhorghníomhú agus a dhífhabhtú sa bhrabhsálaí trí úsáid a bhaint as Solidity agus as JavaScript.
Solidity
Vyper
web3

Remix
Conarthaí cliste a fhorbairt, a úsáid agus a riar le haghaidh Ethereum. Lean na ranganna teagaisc leis an mbreiseán LearnEth.
Solidity
Vyper

Atlas
Scríobh, tástáil agus úsáid conarthaí cliste faoi chionn cúpla nóiméad le Atlas IDE.
Solidity

ChainIDE
Cuir tús le do thuras go Web3 trí chonarthaí cliste a scríobh le haghaidh Ethereum le ChainIDE. Bain úsáid as na teimpléid ionsuite chun foghlama agus d'fhonn am a shábháil.
Solidity
web3
Ní boscaí gainimh amháin iad Remix, Replit, ChainIDE, agus Atlas - is féidir le forbróirí a gconarthaí cliste a scríobh, a thiomsú agus a úsáid trí leas a bhaint astu
Teagaisc cluiche idirghníomhach
Foghlaim agus tú ag imirt. Tugann na ranganna teagaisc seo thú trí na bunghnéithe trí úsáid a bhaint as imirt.

CryptoZombies
Foghlaim Solidity trí chluiche Zombie de do chuid féin a thógáil.
Solidity

Capture The Ether
Is cluiche é Capture the Ether ina ndéanann tú conarthaí cliste Ethereum a haiceáil chun foghlaim faoi shlándáil.
Solidity

Node Guardians
Is ardán oideachais a ndearnadh cluiche de é Node Guardians a chuirfidh forbróirí gréasáin3 ar thóraíocht fantaisíochta chun sainscileanna a fháil ar chláir Solidity, Cairo, Noir agus Huff.
Solidity
web3
Grodchúrsaí forbróirí
Cúrsaí ar líne íoctha chun tú a chur ar an eolas go gasta.

Platzi
Foghlaim conas daipeanna a thógáil ar Web3 agus saineolas a chur ar na scileanna go léir is gá chun a bheith i d'fhorbróir blocshlabhra.
Solidity
web3

BloomTech
Múinfidh an cúrsa BloomTech Web3 duit na scileanna atá á lorg ag fostóirí in innealtóirí.
Solidity
web3

Questbook
Ranganna teagaisc féinluais chun Web 3.0 a fhoghlaim trí thógáil
Solidity
web3

NFT School
Foghlaim faoina bhfuil ar siúl le comharthaí neamhmheasctha nó NFTanna ón taobh teicniúil.
Solidity
web3

Speed Run Ethereum
Is sraith dúshlán é Speed Run Ethereum chun do chuid eolais ar Solidity a thástáil trí úsáid a bhaint as Scaffold‑ETH
Solidity
web3

Alchemy University
Forbair do ghairm bheatha Web3 trí chúrsaí, tionscadail agus cód.
Solidity
web3

LearnWeb3
Is ardán oideachais ardchaighdeáin saor in aisce é LearnWeb3 chun dul ó leibide go laoch i bhforbairt web3.
Solidity
web3

Cyfrin Updraft
Foghlaim faoi fhorbairt conarthaí cliste do gach leibhéal scileanna agus iniúchtaí slándála.
Solidity
web3