Táillí gáis
Táillí líonra
Tugtar gás ar tháillí líonra ar Ethereum.
Is é gás an breosla a thugann cumhacht do Ethereum.

Achoimre
- Is gá íocaíocht bheag chun gach idirbheart a phróiseáil ar Ethereum
- Tugtar táille ‘gáis’ ar na táillí seo
- Ní shocraítear táillí gáis, athraítear iad mar thoradh ar phlódú líonra
Cad iad táillí gáis?
Smaoinigh ar Ethereum mar líonra mór ríomhairí lenar féidir le daoine tascanna a dhéanamh ar nós teachtaireachtaí a sheoladh nó feidhmchláir a rith. Díreach mar atá sa saol mór, teastaíonn fuinneamh chun na tascanna sin a dhéanamh.
In Ethereum, baineann praghas "gáis" socraithe le gach gníomh ríomhaireachtúil. Is iad do tháillí gáis costas iomlán na ngníomhartha i d'idirbheart . Nuair a sheolann tú idirbheart nó nuair a ritheann tú Conradh Cliste , íocann tú táillí gáis chun é a phróiseáil.

Conas a íocfaidh mé níos lú gáis?
Cé nach féidir táillí níos airde a sheachaint ar Ethereum ar uairibh, tá straitéisí ann ar féidir leat a úsáid chun an costas a laghdú:
Roghnaigh am le haghaidh do chuid idirbheart a dhéanamh
Díreach mar atá an plódú daoine níos annaimhe agus an costas níos inacmhainne don té a roghnaíonn an taisteal seachbhuaice, is iondúil go mbíonn Ethereum níos saoire le húsáid nuair a bhíonn muintir Mheiriceá Thuaidh ina gcodladh.
Fan go dté an gás síos
Téann praghsanna gáis suas síos gach dhá soicind déag ag brath ar thranglam daoine a bheith ag úsáid Ethereum. Nuair a bhíonn praghsanna gáis ard, dá bhfanfá cúpla nóiméad roimh idirbheart a dhéanamh b'fhéidir go bhfeicfí titim shuntasach ar gcostas.
Úsáid ciseal 2
Tógtar slabhraí ciseal-2 ar bharr Ethereum, agus le slabhraí ciseal-2 tairgtear táillí níos ísle agus próiseáiltear níos mó idirbheart. Is rogha mhaith iad chun táillí a shábháil ar idirbhearta nach gá tarlú ar phríomhlíonra Ethereum.
Cad is cúis le táillí arda gáis?
Aon uair a sháraíonn an méid ríofa (gás) ar Ethereum tairseach áirithe, tosaíonn táillí gáis ag ardú. Dá mhéad a sháraíonn an gás an tairseach seo, méadaíonn na táillí gáis níos tapúla.
D’fhéadfadh táillí níos airde a bheith mar thoradh ar rudaí ar nós nó NFTanna a bhfuil tóir orthu, trádáil atá méadaithe ar feadh tréimhse ar , nó líon ró-mhór gníomhaíochtaí úsáideoirí le linn na mbuaictréimhsí.
Ba chóir d'fhorbróirí ar Ethereum bheith cúramach a n‑úsáid conarthaí cliste a bharrfheabhsú sula mbaineann siad feidhm astu. Má tá go leor daoine ag baint úsáide as conradh cliste atá scríofa go maith, ídeofar níos mó gáis agus d’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le plódú líonra gan chuimhneamh.
Ar mhaith leat tuilleadh a fhoghlaim? Caith súil ar na cáipéisí forbróra.
Ionsaí ó na Cryptokitties
I mí na Samhna 2017, seoladh an tionscadal Cryptokitties a bhfuil an‑tóir air. Mar thoradh ar a thóir thapaidh bhí plódú suntasach líonra agus táillí an‑ard gáis ann. Chuir na dúshláin a bhaineann le Cryptokitties dlús leis an bpráinn a bhaineann le réitigh a aimsiú le haghaidh scálú Ethereum.
Cén fáth a dteastaíonn gás uainn?
Is gné chriticiúil é gás chun Ethereum a choinneáil slán agus chun idirbhearta a phróiseáil. Is iomaí sin dóigh a gcabhraíonn gás:
Mar gheall ar ghás coinnítear Ethereum trí chosc a chur ar ghníomhaithe mailíseacha an líonra a thuile trí ghníomhaíochtaí calaoiseacha.
Toisc go gcosnaíonn ríomh gás, tá dídhreasú airgeadais ann ar Ethereum i dtaca le hidirbhearta daora, bídís de thaisme nó go mailíseach.
De tharibhe teorainn chrua ar an méid ríomha is féidir a dhéanamh ag aon am amháin, cuirtear cosc ar Ethereum a bheith faoi léigear, agus cabhraítear lena chinntiú go bhfuil an líonra inrochtana i gcónaí.

Conas a ríomhtar gás?
Tá roinnt codanna ann den táille iomlán gáis a íocfaidh tú:
- Bonntáille: Táille atá leagtha síos ag an líonra nach mór í a íoc as idirbheart
- Táille tosaíochta: séisín roghnach chun oibreoirí nód a spreagadh chun d’idirbheart a chur san áireamh
- Aonaid gáis a úsáidtear *: An cuimhin leat go ndúirt muid gurbh ionann an gás agus ríomh? Baineann gníomhartha níos casta, cosúil le hidirghníomhú le conradh cliste, níos mó gáis ná cinn shimplí, mar shampla idirbheart a sheoladh.
- * Féach Fíor 1 chun a fháil amach cé mhéad gáis a ídítear trí chineálacha éagsúla idirbheart
Is é an fhoirmle chun táille gháis a ríomh ná aonaid gáis a úsáidtear * (táille bhunúsach + táille thosaíochta). Ríomhfaidh an chuid is mó de na sparán úsáid gháis agus taispeánfaidh siad í ar bhealach níos dírí.
Cineál idirbhirt | Aonaid gáis a úsáidtear |
---|---|
ETH a sheoladh | 21,000 |
Comharthaí ERC-20 a sheoladh | 65,000 |
NFT a aistriú | 84,904 |
Ag malartú ar Uniswap | 184,523 |