
Cá háit a bhfaighidh tú ETH
Is féidir leat ETH a thuilleamh, é a fháil ó do chomhghleacaithe, nó é a cheannach ó mhalartáin agus aipeanna.
Praghas reatha ETH (USD)
Malartuithe láraithe
Is gnólachtaí iad malartáin a ligeann duit crypto a cheannach trí úsáid a bhaint as airgeadraí traidisiúnta. Tá cúram acu ar ETH ar bith a cheannaíonn tú go dtí go seolann tú é chuig sparán a rialaíonn tusa.
Tuill ETH
Is féidir leat ETH a thuilleamh trí bheith ag obair do DAOnna nó do chuideachtaí a íocann in crypto, trí dheolchairí a bhaint, trí fabhtanna bogearraí a aimsiú agus eile.
Faigh ETH ó do chomhghleacaithe
Nuair a bheidh cuntas Ethereum agat, níl le déanamh agat ach do sheoladh a roinnt chun tús a chur le ETH (agus comharthaí eile) a sheoladh agus a fháil le comhghleacaithe.
Malartuithe díláraithe (DEXanna)
Más mian leat tuilleadh rialaithe, ceannaigh ETH trí úsáid a bhaint as . Le DEX is féidir leat sócmhainní digiteacha a thrádáil gan smacht a thabhairt do chuideachta láraithe ar do chistí riamh.
Sparáin
Ligeann roinnt sparán duit crypto a cheannach trí chárta dochair/creidmheasa, trí aistriú bainc nó fiú trí Apple Pay. Tá srianta geografacha i bhfeidhm.
Luaíochtaí a gheallchur
Má tá roinnt ETH agat cheana féin, is féidir leat níos mó a thuilleamh trí nód bailíochtaithe a rith. Íoctar tú as an obair fíoraithe seo a dhéanamh in ETH.
Ní formhuinithe oifigiúla iad na táirgí go léir atá liostaithe ar an leathanach seo, agus cuirtear ar fáil iad chun críocha faisnéise amháin. Más mian leat táirge a chur leis nó aiseolas a sholáthar ar an bpolasaí ardaigh ceist in GitHub. Tuairiscigh fadhb
Cén tír ina bhfuil cónaí ort?
Tá srianta ag malartáin ar an áit ar féidir leo crypto a dhíol. Is liosta táscach é seo de sheirbhísí a mheastar a bheith ag feidhmiú i ngach tír. Ní hionann formhuiniú agus cuimsiú sa chás seo - ba cheart duit do chuid taighde féin a dhéanamh!
Cuir isteach do thír chónaithe chun liosta de na malartáin a d'fhéadfá a úsáid a fheiceáil
Malartuithe díláraithe (DEXanna)
Cad iad DEXanna?
Is margaí oscailte iad malartáin dhíláraithe le haghaidh ETH agus comharthaí eile. Ceanglaíonn siad ceannaitheoirí agus díoltóirí go díreach.
In ionad tríú páirtí iontaofa a úsáid chun cistí a chosaint san idirbheart, úsáidtear cód. Ní dhéanfar ETH an díoltóra a aistriú ach amháin nuair a ráthaítear íocaíocht. Tugtar conradh cliste ar an gcineál seo cód. Tuilleadh faoi chonarthaí cliste
Leis sin fágtar go bhfuil níos lú srianta geografacha ann ná mar atá le roghanna láraithe. Má tá duine éigin ag díol a bhfuil uait agus ag glacadh le modh íocaíochta is féidir leat a thabhairt dó, is féidir libh beirt an beart a dhéanamh.
Beidh sparán ag teastáil uait chun DEX a úsáid.
Faigh sparánCeannaigh le crypto eile
Malartaigh do chuid comharthaí le haghaidh ETH de chuid daoine eile. Agus vice versa.
Ag coinneáil do ETH slán

Poist pobail maidir le slándáil
Níl Ethereum á rialú ag aon eagraíocht amháin - tá sé díláraithe.
Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh tú slándáil do chistí a ghlacadh dáiríre. Le ETH, níl tú ag cur muiníne i mbanc nó i gcuideachta chun aire a thabhairt do do shócmhainní, tá tú ag glacadh freagrachta asat féin.
Coinnigh do chuid ETH i do sparán féin
Ceann de phríomhghnéithe Ethereum ná go gcoimeádann tú smacht ar do shócmhainní féin trí do chuntas féin a bhainistiú. Ciallaíonn sé seo nach gcaithfidh tú muinín a bheith agat as do shócmhainní in aon tríú páirtí, agus tá tú cosanta ó aon chaomhnóir a ghníomhaíonn go mímhacánta, ón bhféimheacht nó ón hackáil. Mar sin féin, ciallaíonn sé freisin go nglacann tú freagracht as do shlándáil féin.
Breathnaigh ar sparáinDo sheoladh ETH
Nuair a íoslódálann tú sparán cruthóidh sé seoladh poiblí ETH duit. Seo an chuma atá ar sheoladh poiblí:
0x0125e2478d69eXaMpLe81766fef5c120d30fb53f
Sampla: Ná cóipeáil
Smaoinigh air seo amhail do sheoladh ríomhphoist, ach in ionad ríomhphoist a fháil, is féidir ETH a fháil. Más mian leat ETH a aistriú ó mhalartán chuig do sparán, bain úsáid as do sheoladh mar cheann scríbe. Bí cinnte seiceáil dúbailte a dhéanamh i gcónaí sula seolann tú é!
Lean na treoracha sparáin
Má chailleann tú rochtain ar do chuntas, caillfidh tú rochtain ar do chistí. Ba chóir go dtabharfadh do sparán treoracha duit maidir leis sin a sheachaint. Bí cinnte go leanann tú iad go cúramach - i bhformhór na gcásanna, ní féidir le duine ar bith cabhrú leat má chailleann tú rochtain ar do chuntas.