Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Mol Foghlama

Foghlaim faoi Ethereum

Do threoir oideachais ar dhomhan Ethereum. Foghlaim conas a oibríonn Ethereum agus conas a cheanglaítear leis. Áirítear ar an leathanach seo ailt, treoracha agus acmhainní teicniúla agus neamhtheicniúla.

Cad é Ethereum?

Cuireann cripte-airgeadraí, mar bitcoin, ar chumas gach duine airgead a aistriú go domhanda. Déanann Ethereum é sin freisin, ach is féidir leis cód a úsáid freisin a chuireann ar chumas daoine aipeanna agus eagraíochtaí a chruthú. Tá sé athléimneach agus solúbtha: is féidir gach ríomhchlár a reáchtáil ar Ethereum. Foghlaim tuilleadh agus faigh amach conas tosú:

Cad é Ethereum?

Más rud é go bhfuil tú nua, cuir tús anseo le fáil amach cén fáth a bhfuil tábhacht ag baint le hEthereum.

Léaráid de dhuine ag amharc isteach i mbasár, ar nós Ethereum.
Cad é Ethereum?

Cad é ETH?

Is é Éitear (ETH) an t‑airgeadra a chumhachtaíonn líonra agus aipeanna Ethereum.

Cad é ETH?

Cad é Web3?

Is samhail é Web3 don idirlíon a dhéanann luacháil ar úinéireacht do shócmhainní agus d’aitheantais.

Cad é Web3?

Conas a úsáidim Ethereum?

Is lia tuairim ná duine i dtaca le húsáid Ethereum. B’fhéidir gur mhaith leat síniú isteach ar aip, d’aitheantas ar líne a chruthú, nó ETH éigin a aistriú. Is é an chéad rud a bheidh uait ná cuntas. Is é an bealach is éasca chun cuntas a chruthú agus a rochtain ná bogearraí ar a dtugtar sparán a úsáid.

Cad is sparán ann?

Tá sparán digiteacha cosúil le sparán iarbhír; stóráltar an méid atá uait chun d'aitheantas a chruthú agus chun rochtain a fháil ar na suímh atá luachmhar duit.

Léaráid de róbait.
Cad is sparán ann?

Faigh sparán

Brabhsáil sparáin ag brath ar na gnéithe atá tábhachtach duit.

Liosta sparán

Líonraí Ethereum

Sábháil airgead trí úsáid a bhaint as síntí Ethereum níos saoire agus níos tapúla.

Roghnaigh líonra

Údair machnaimh agus Ethereum á úsáid agat

  • Éilíonn gach idirbheart Ethereum táille i bhfoirm ETH, fiú má theastaíonn uait comharthaí éagsúla a tógadh ar Ethereum a bhogadh cosúil le criptea-airgeadraí daingne USDC nó DAI.
  • Is féidir táillí a bheith ard ag brath ar líon na ndaoine atá ag iarraidh Ethereum a úsáid, mar sin molaimid úsáid a bhaint as Ciseal 2s.

Cad dó a n‑úsáidtear Ethereum?

Mar thoradh ar Ethereum cruthaíodh táirgí agus seirbhísí nua ar féidir leo réimsí éagsúla dár saol a fheabhsú. Táimid fós sna céimeanna tosaigh ach is mór an t-údar dóchais atá againn.

Airgeadas díláraithe (DeFi)

Déan iniúchadh ar chóras airgeadais eile a tógadh gan bhainc agus atá oscailte do gach dhuine.

Cad é DeFi?

Stablecoins

Bíonn criptea-airgeadraí pionnáilte le luach airgeadra, tráchtearraí, nó ionstraim éigin eile airgeadais.

Cad is criptea-airgeadraí daingne ann?

Comharthaí neamh-inmheasctha (NFTanna)

Léiriú ionadaíochta ar úinéireacht míreanna uathúla, lena n‑áirítear ealaín, gníomhais teidil agus ticéid ceolchoirme.

Cad is NFTanna ann?

Eagraíochtaí uathrialaitheacha díláraithe (DAO)

Cumasaigh bealaí nua chun obair a chomhordú gan saoiste.

Cad iad DAOanna?

Feidhmchláir dhíláraithe (daipeanna)

Geilleagar digiteach a chruthú de sheirbhísí piara le piara.

Foghlaim faoi dhaipeanna

Neartaigh líonra Ethereum

Is féidir leat cabhrú le Ethereum a shlánú agus luaíochtaí a thuilleamh ag an am céanna trí d'ETH a gheallchur. Is iomaí roghanna éagsúla atá ag an ngeallchur, ag brath ar do chuid eolais theicniúil agus ar an méad ETH atá agat.

Ethereum a gheallchur

Faigh amach conas tosú le d'ETH a gheallchur.

Tosaigh staking

Rith nód

Bíodh ról criticiúil agat i líonra Ethereum trí nód a úsáid.

Rith nód

Foghlaim faoi phrótacal Ethereum

Le haghaidh úsáideoirí ar mó a suim sa chuid theicniúil de líonra Ethereum.

Ídiú fuinnimh

Cé mhéad fuinneamh a úsáideann Ethereum?

An bhfuil Ethereum glas?

Treochlár Ethereum

Níos inscálaithe, níos sláine agus níos inbhuanaithe le treochlár Ethereum.

Foghlaim faoin treochlár

Páipéar Bán Ethereum

Buntogra Ethereum arna scríobh ag Vitalik Buterin in 2014.

Léigh páipéar bán

Foghlaim faoi phobal Ethereum

A bhuí do phobal an-díograiseach Ethereum atá rathúlacht Ethereum. Cuidíonn na mílte daoine spreagúil agus tiomanta le fís Ethereum a bhrú chun cinn, mar aon le slándáil a sholáthar don líonra tríd an ngeallchur agus tríd an rialachas. Bí linn!

Mol pobail

Inár bpobal áirítear daoine ó gach cúlra.

Léaráid de ghrúpa tógálaithe ag obair le chéile.
Foghlaim tuilleadh

Conas is féidir liom a bheith páirteach?

Tá fáilte romhat (romhatsa go pearsanta!) cur le pobal Ethereum.

Conas is féidir liom a bheith páirteach?

Pobail ar líne

Trí phobail ar líne tugtar deis iontach duit chun ceisteanna níos sainiúla a chur nó chun páirt a ghlacadh.

Foghlaim faoi phobail

Leabhair agus podchraoltaí

Leabhair faoi Ethereum

Podchraoltaí faoi Ethereum

An raibh an leathanach seo cabhrach?