Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Rith nód

Glac smacht iomlán.
Rith do nód féin.

Bí lán-cheannasach agus tú ag cabhrú leat an líonra a dhaingniú. Bí le hEthereum.

Grafach nóid

Cad atá i gceist le "nód a rith"?

Rith bogearraí.

Ar a dtugtar 'cliant', íoslódálann na bogearraí seo cóip de bhlocshlabhra Ethereum agus fíoraíonn sé bailíocht gach bloic, ansin coinníonn sé cothrom le dáta é le bloic agus idirbhearta nua, agus cuidíonn sé le daoine eile a gcóipeanna féin a íoslódáil agus a nuashonrú.

Le crua-earraí.

Tá Ethereum deartha chun nód a rith ar ríomhairí meánghráid tomhaltóra. Is féidir leat aon ríomhaire pearsanta a úsáid, ach roghnaíonn formhór na n‑úsáideoirí a nód a rith ar chrua‑earraí tiomnaithe chun deireadh a chur leis an tionchar feidhmíochta ar a n‑inneall agus aga neamhfhónaimh nóid a íoslaghdú.

Le linn duit bheith ar líne.

D’fhéadfadh go mbeadh sé casta ar dtús nód Ethereum a rith, ach níl ann ach bogearraí cliant á rith go leanúnach ar ríomhaire agus é nasctha leis an idirlíon. Agus tú as líne, beidh do nód neamhghníomhach go simplí go dtí go dtiocfaidh sé ar ais ar líne agus go mbéarfaidh sé greim ar na hathruithe is déanaí.

ba cheart nód a rith?

A dhaoine uaisle! Ní le haghaidh bailíochtóirí amháin na nóid. Is féidir le duine ar bith nód a rith - ní gá ETH a bheith agat fiú.

Ní gá duit ETH chun nód a rith. Go deimhin, is é gach nód eile ar Ethereum a fhíoraítear cuntasacht na mbailíochtóirí.

Seans nach bhfaighidh tú na luaíochtaí airgeadais a thuilleann bailíochtóirí, ach tá go leor buntáistí eile ann a bhaineann le nód a rith le gurb chóir úsáideoirí Ethereum é a mheas, lena n-áirítear príobháideacht, slándáil, spleáchas laghdaithe ar fhreastalaithe tríú páirtí, friotaíocht chinsireachta agus sláinte fheabhsaithe agus dílárú an líonra.

Má tá do nód féin agat ní gá muinín a bheith agat as faisnéis faoi staid an líonra a sholáthraíonn tríú páirtí.

Ní leor muinín. Fíoraigh.

Cén fáth nód a rith?

Ag tosnú

Sna laethanta tosaigh den líonra, ba ghá go mbíodh an cumas ag úsáideoirí comhéadan a dhéanamh leis an líne ordaithe chun nód Ethereum a oibriú.

Más é sin do rogha féin, agus má tá na scileanna agat, ná bíodh drogall ort ár ndoiciméid theicniúla a sheiceáil.

Cruthaigh nód Ethereum

Anois tá DAppNode againn, atá saor in aisce agus atá ina bhogearraí foinse oscailte a thugann taithí cosúil le haipeanna d'úsáideoirí agus a nód á bhainistiú acu.

Ní theastaíonn ach roinnt cliceanna le gur féidir leat do nód a chur ar bun agus a rith.

Le DAppNode bíonn sé éasca d'úsáideoirí nóid iomlána a rith, chomh maith le agus líonraí eile, gan aon ghá teagmháil a dhéanamh leis an líne ordaithe. Fágann sé sin go mbeidh sé níos éasca do gach duine bheith rannpháirteach agus líonra níos díláraithe a chruthú.

Roghnaigh d'eachtra

Beidh roinnt crua-earraí uait le tosú. Cé gur féidir bogearraí nóid a rith ar ríomhaire pearsanta, féadann meaisín tiomnaithe feidhmíocht do nóid a fheabhsú go mór agus a thionchar ar do phríomhríomhaire a íoslaghdú.

Nuair a bhíonn crua-earraí á roghnú agat, smaoinigh go bhfuil an slabhra ag fás go leanúnach, agus beidh gá le cothabháil dhosheachanta. Is féidir le sonraíochtaí méadaithe cabhrú le moill a chur ar an ngá atá le cothabháil nóid.

Ceannaigh go hiomlán luchtaithe

Ordú rogha ceannaigh-agus-imir ó dhíoltóirí le haghaidh na taithí bordála is simplí.

  • Níl gá le tógáil.
  • Socrú cosúil le haip le GUI.
  • Níl gá le líne ordaithe.

Tóg ceann de do chuid féin

Rogha níos saoire agus níos saincheaptha le haghaidh úsáideoirí beagán níos teicniúla.

  • Foinsigh do chuid páirteanna féin.
  • Suiteáil DAppNode.
  • Nó, roghnaigh do OS féin agus do chliaint.

Tóg ceann de do chuid féin

Céim 1 - Crua-earraí

Sonraíochtaí íosta

Molta

  • Intel NUC, 7ú glúine nó níos airde

    próiseálaí x86

  • Nasc idirlín sreangaithe

    Níl sé ag teastáil, ach soláthraíonn sé socrú níos éasca agus an nasc is comhsheasmhaí

  • Scáileán taispeána agus méarchlár

    Mura bhfuil DAppNode in úsáid agat, nó socrú ssh/gan cheann

Céim 2 - Bogearraí

Rogha 1 – DAppNode

Nuair atá tú réidh le do chrua-earraí, is féidir an córas oibriúcháin DAppNode a íoslódáil trú úsáid a bhaint as aon ríomhaire agus é a shuiteáil ar SSD úr trí thiomáint USB.

Rogha 2 - Líne na n-orduithe

Le haghaidh rialú uasta, seans gur fearr le húsáideoirí a bhfuil taithí acu an líne ordaithe a úsáid ina ionad.

Féach ar ár gcáipéisí forbróra le haghaidh tuilleadh eolais maidir le tosú le roghnú cliant.

Faigh roinnt cúntóirí

Ar ardáin ar líne ar nós Discord nó Reddit casfar ort líon mór tógálaithe pobail atá sásta cabhrú leat le ceisteanna ar bith a d’fhéadfadh teacht ort.

Bíodh comhluadar agat ar an mbealach. Má tá ceist agat is dócha go mbeidh duine éigin anseo in ann cabhrú leat freagra a fháil.

Geall do ETH

Cé nach bhfuil sé ag teastáil, le nód ar bun agus á rith tá tú céim amháin níos gaire do do chuid ETH a gheallchur chun luaíochtaí a thuilleamh agus cabhrú le rannchuidiú le gné eile de shlándáil Ethereum.

Ag smaoineamh faoi gheall a chur?

Chun éifeachtúlacht do bhailíochtóra a uasmhéadú, moltar íosmhéid 16 GB RAM, ach is fearr 32 GB, le scór tagarmhairc LAP de 6667+ ar cpubenchmark.net(opens in a new tab). Moltar freisin go mbeadh rochtain ag lucht geallchuir ar bandaleithead idirlín ardluais neamhtheoranta, cé nach riachtanas iomlán é seo.

Téann EthStaker isteach go mion sa chlár speisialta uair an chloig - Conas siopadóireacht le haghaidh crua-earraí bailíochtóra Ethereum(opens in a new tab)

Nóta ar Raspberry Pi (próiseálaí ARM)

Is ríomhairí éadroma inacmhainne iad Raspberry Pis, ach bíonn srianta orthu a d'fhéadfadh tionchar a bheith acu ar fheidhmíocht do nóid. Cé nach bhfuil siad molta faoi láthair le haghaidh geall a chur, is féidir leo seo bheith ina rogha iontach agus shaor chun nód a rith le haghaidh úsáid phearsanta, gan ach 4 - 8 GB RAM.

Tástáil do chuid eolais Ethereum

An raibh an leathanach seo cabhrach?