Cad is geallchur baile ann?
Is éard atá i gceist le geallchur baile an gníomh nód Ethereum a rith atá nasctha leis an idirlíon agus 32 ETH a thaisceadh chun bailíochtóir a ghníomhachtú, rud a thugann an cumas duit a bheith rannpháirteach go díreach i gcomhthoil líonra.
** Méadaíonn geallchur baile dílárú líonra Ethereum**, rud a fhágann go bhfuil Ethereum níos frithsheasmhaí do chinsireacht agus níos láidre in aghaidh ionsaithe. D'fhéadfadh nach gcabhródh modhanna geallchuir eile leis an líonra ar na bealaí céanna. Is é an geallchur baile an rogha geallchuir is fearr chun Ethereum a dhaingniú.
Tá nód Ethereum comhdhéanta de chliant ciseal reatha (EL), chomh maith le cliant ciseal comhthola (CL). Is bogearraí iad na cliaint seo a oibríonn le chéile, mar aon le sraith bhailí eochracha sínithe, chun idirbhearta agus bloic a fhíorú, chun ceann ceart an tslabhra a fhianú, fianuithe comhiomlána, agus bloic a mholadh.
Is iad na gealltóirí baile atá freagrach as an trealamh atá ag teastáil chun na cliaint seo a reáchtáil. Moltar go mór meaisín tiomnaithe a úsáid chuige seo a oibríonn tú ón mbaile - tá sé seo thar a bheith tairbheach do shláinte an líonra.
Faigheann gealltóir baile luach saothair díreach ón bprótacal as a bhailíochtóir a choinneáil ag feidhmiú i gceart agus ar líne.
Cén fáth geallchur a dhéanamh ón mbaile?
Baineann níos mó freagrachta le geallchur baile ach tugann sé an smacht is mó duit ar do chistí agus ar shocrú an gheallchuir.
Tuill ETH úr
Earn ETH-denominated rewards directly from the protocol when your validator is online, without any middlemen taking a cut.
Rialú iomlán
Keep your own keys. Choose the combination of clients and hardware that allows you to minimize your risk and best contribute to the health and security of the network. Third-party staking services make these decisions for you, and they don't always make the safest choices.
Slándáil líonra
Home staking is the most impactful way to stake. By running a validator on your own hardware at home, you strengthen the robustness, decentralization, and security of the Ethereum protocol.
Nithe le cur san áireamh sula ndéantar geallchur baile
A oiread agus is mian linn go mbeadh geallchur baile inrochtana agus saor ó riosca do chách, ní mar sin a bhíonn. Tá roinnt machnamh praiticiúil agus tromchúiseach le déanamh sular roghnaíonn tú geallchur baile do do ETH.
Comparáid le roghanna eile
Glacadh mar sheirbhís (SaaS)
Le soláthraithe SaaS caithfidh tú fós 32 ETH a íoc mar éarlais, ach ní gá duit crua-earraí a rith. De ghnáth coinníonn tú rochtain ar do chuid eochracha bailíochtaithe, ach caithfidh tú do chuid eochracha sínithe isteach a roinnt freisin le gur féidir leis an oibreoir gníomhú thar ceann do bhailíochtóra. Leis sin tugtar isteach méid áirithe muiníne nár ghá dá mbeifeá ag rith do chrua-earraí féin, agus murab ionann agus geallchur aonair sa bhaile, ní chuidíonn SaaS an oiread céanna le dáileadh geografach na nód. Má tá tú míchompordach ag oibriú crua-earraí ach fós ag iarraidh 32 ETH a gheallchur, seans gur rogha mhaith duit soláthraí SaaS a úsáid.
Foghlaim tuilleadh faoi gheallchur mar sheirbhísGeallta comhthiomsaithe
Tá an geallchur aonair i bhfad níos éithithí ná seirbhís chomhthiomsaithe, ach tairgeann sé rochtain iomlán ar luaíochtaí ETH, agus smacht iomlán ar shocrú agus ar shlándáil do bhailitheóra. Is éasca riachtanais iontrála an gheallchuir chomhthiomsaithe. Is féidir le húsáideoirí méideanna beaga ETH a ghlacadh, níl gá leo eochracha bailíochtaithe a ghiniúint, agus níl aon riachtanais acu i dtaca le crua‑earraí seachas nasc caighdeánach idirlín. Trí chomharthaí leachtachta is féidir éirí as an ngeallchur sular fédir ar leibhéal an phrótacail. Má tá suim agat sna gnéithe seo, seans go n-oirfidh an geallchur comhthiomsaithe duit.
Foghlaim tuilleadh faoi gheallchur comhthiomsaitheConas a oibríonn sé
Faigh roinnt crua-earraí: Ní mór duit nód a rith le geallchur
Sioncronaigh cliant cisil forghníomhaithe
Sioncronaigh cliant cisil comhthiomsaithe
Gin do chuid eochracha agus cuir isteach i do chliant bailíochtaithe iad
Monatóireacht agus cothabháil a dhéanamh ar do nód

Agus tú gníomhach gheobhaidh tú luaíochtaí ETH, a thaiscfear go tréimhsiúil isteach i do sheoladh aistarraingthe.
Más mian leat riamh, is féidir leat imeacht mar bhailíochtóir, rud a chuireann deireadh leis an gceanglas a bheith ar líne, agus a stopann aon luaíocht eile. Aistarraingeofar d’iarmhéid atá fágtha ansin chuig an seoladh aistarraingthe a ainmníonn tú le linn an tsocraithe.
Tuilleadh faoi aistarraingtí geallchuir
Tosaigh ar an gCeap Lainseála Geallchuir
Is feidhmchlár foinse oscailte é an Ceap Lainseála Geallciuir a chabhróidh leat a bheith i do gealltóir. Treoróidh sé thú trí roghnú do chliaint, giniúint do eochracha agus taisceáil do ETH sa chonradh taisce geallchuir. Cuirtear seicliosta ar fáil lena chinntiú go bhfuil gach rud clúdaithe agat chun do bhailíochtóir a shocrú go sábháilte.
Táthar ag súil go ndéanfaidh bailíochtaitheoirí aonair a gcuid scileanna suiteála agus oibríochta a thástáil ar líonra Holesky testnet sula gcuirfear cistí i mbaol. Cuimhnítear go bhfuil sé tábhachtach cliant mionlaigh a roghnú mar go bhfeabhsaítear slándáil an líonra agus go gcuireann sé teorainn le do riosca.
Má tá tú compordach leis, is féidir leat gach rud riachtanach a shocrú ón líne ordaithe trí úsáid a bhaint as an Ardán Geallchuir amháin.
Chun rudaí a dhéanamh níos éasca, seiceáil cuid de na huirlisí agus na treoracha thíos ar féidir leo cabhrú leat taobh leis an Ardán Geallchuir chun do chliaint a chur ar bun gan stró.
Cad ba cheart a chur san áireamh le huirlisí socraithe nód agus cliant
Tá méadú ag teacht ar líon na n-uirlisí agus seirbhísí a chabhróidh leat do geallchur baile do ETH, ach tagann rioscaí agus buntáistí éagsúla le gach ceann díobh.
Úsáidtear táscairí tréithe thíos chun láidreachtaí nó laigí suntasacha uirlis geallchuir liostaithe a chur in iúl. Bain úsáid as an rannán seo mar thagairt don chaoi a ndéanaimid na tréithe seo a shainiú agus tú ag roghnú uirlisí a chabhróidh leat le do thuras geallchuir.
- Foinse oscailte
- Arna iniúchadh
- Deolchaire fabhtanna
- Diantástáil déanta
- Ní gá brath ar mhuinín
- Gan chead
- Il-cliaint
- Féinchúram
- Eacnamúil
Foinse oscailte
Foinsítear an cód riachtanach ar bhonn oscailte 100% agus tá sé ar fáil don phobal le húsáid leo
Foinse oscailte
Foinse dhúnta
Déan iniúchadh ar uirlisí socraithe nód agus cliant
Tá roghanna éagsúla ar fáil chun cabhrú leat le do shocrú. Úsáid na táscairí thuas mar chabhair agus mar threoir do na huirlisí thíos.
Uirlisí nód
Tabhair faoi deara le do thoil an tábhacht a bhaineann le cliant mionlaigh a roghnú toisc go bhfeabhsaítear slándáil an líonra, agus cuireann sé teorainn le do riosca. Sainítear uirlisí a ligeann duit cliant mionlaigh a shocrú mar "il-chliant."
Gineadóirí Eochracha
Is féidir na huirlisí seo a úsáid mar mhalairt ar an CLI Taisce Geallchuir chun cabhrú le giniúint eochrach.
An bhfuil moladh agat maidir le huirlis gheallchuir nár thugamar faoi deara? Breathnaigh ar ár bpolasaí liostála táirgí le fáil amach an n-oireann sé go maith, agus chun é a chur isteach le haghaidh athbhreithniú.
Déan iniúchadh ar na treoracha maidir le geallchur baile
Ceisteanna coitianta
Seo roinnt de na ceisteanna is coitianta faoi gheallchur ar fiú fios a bheith agat orthu.
Tuilleadh léitheoireachta
- Eolaire Geallchuir Ethereum - Eridian agus Spacesider
- Fadhb Éagsúlachta Cliant Ethereum - @emmanuelawosika 2022
- Ag Cabhrú le hÉagsúlacht Cliant - Jim McDonald 2022
- Éagsúlacht cliant ar chiseal chomhthola Ethereum - jmcook.eth 2022
- Conas: Déan siopadóireacht le haghaidh Crua-earraí Bailíochtóra Ethereum - EthStaker 2022
- Céim ar Chéim: Conas dul isteach i Testnet Ethereum 2.0 - _ Butta_
- Eth2 Leideanna um Chosc ar Shlaiseáil - _Raul Jordan 2020 _