Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Sparáin Ethereum

Na heochracha do do thodhchaí dhigiteach a choinneáil

Cuidíonn sparán leat rochtain a fháil ar do shócmhainní digiteacha agus síniú isteach ar fheidhmchláir.

Léaráid de róbat agus cruinneachán aige mar chorp, rud a léiríonn sparán Ethereum

Cad atá i sparán Ethereum?

Is feidhmchláir iad sparáin Ethereum a thugann smacht duit ar do chuntas. Díreach cosúil le do sparán fisiceach, tá gach rud atá uait ann chun d'aitheantas a chruthú agus do shócmhainní a láimhseáil. Ligeann do sparán duit síniú isteach ar fheidhmchláir, d’iarmhéid a léamh, idirbhearta a sheoladh agus d’aitheantas a fhíorú.

Is iad sparáin a úsáideann an chuid is mó daoine chun a gcuid sócmhainní digiteacha agus a gcéannacht a láimhseáil.

Is uirlis é do sparán chun idirghníomhú le do chuntas Ethereum. Ciallaíonn sé sin gur féidir leat soláthraithe sparáin a mhalartú am ar bith. Ligeann go leor sparán duit roinnt cuntas Ethereum a bhainistiú ar aip amháin.

Níl cúram do chistí ag soláthraithe sparáin. Ní thugann siad ach fuinneog duit chun do shócmhainní a fheiceáil ar Ethereum agus uirlisí chun iad a bhainistiú go héasca.

Aip chun do chistí a bhainistiú

Taispeánann do sparán do chuid iarmhéideanna, stair na n-idirbheart agus tugann sé bealach duit cistí a sheoladh / a fháil. D'fhéadfadh roinnt sparán níos mó a thairiscint.

Do chuntas Ethereum

Is é do sparán d'fhuinneog isteach i do chuntas Ethereum – d'iarmhéid, stair idirbheart agus go leor eile. Ach is féidir leat soláthraithe sparáin a mhalartú am ar bith.

Do logáil isteach le haghaidh aipeanna Ethereum

Tríd an sparán ligtear duit ceangal le feidhmchláir trí úsáid a bhaint as do chuntas Ethereum. Tá sé cosúil le logáil isteach a fhéadann tú a úsáid thar go leor aipeanna.

Sparán, cuntais, eochracha agus seoltaí

Is fiú na difríochtaí idir roinnt príomhthéarmaí a thuiscint.

  • Is péire eochracha é cuntas Ethereum. chun an seoladh is mian leat a roinnt faoi shaoirse a chruthú, agus an ní mór duit a coinneáil faoi rún mar úsáidtear í chun rudaí a shíniú. Le chéile, ligeann na heochracha seo duit sócmhainní a shealbhú agus idirbhearta a dhéanamh.

  • Tá seoladh ag cuntas Ethereum, go díreach mar atá seoladh ríomhphoist ag bosca isteach. Úsáidtear é seo chun do shócmhainní digiteacha a shainaithint.

  • Is uirlis é sparán a ligeann duit idirghníomhú le do chuntas, trí úsáid a bhaint as do chuid eochracha. Ligeann sé duit féachaint ar iarmhéid do chuntais, idirbhearta a sheoladh agus eile.

Le formhór na dtáirgí sparán ligfear duit cuntas Ethereum a ghiniúint. Mar sin ní gá duit ceann a fháil sula n‑íoslódálann tú sparán.

Cineálacha sparán

Tá roinnt bealaí ann chun comhéadan agus idirghníomhú a dhéanamh le do chuntas:

Is gléasanna iad sparán crua‑earraí fisiceacha a ligeann duit do crypto a choinneáil as líne - an‑slán

Feidhmchláir shoghluaiste a fhágann gur féidir rochtain a fháil ar do chistí ó áit ar bith

Is feidhmchláir gréasáin iad sparáin brabhsálaí a ligeann duit idirghníomhú go díreach le do chuntas sa bhrabhsálaí

Is breiseáin iad sparáin breiseáin brabhsálaithe a íoslódálann tú trína ligtear duit idirghníomhú le do chuntas agus feidhmchláir tríd an mbrabhsálaí

Feidhmchláir deisce más fearr leat do chistí a bhainistiú trí macOS, Windows nó Linux

Déan comparáid idir sparáin bunaithe ar ghnéithe

Is féidir linn cabhrú leat do sparán a roghnú bunaithe ar na gnéithe is cúram duit.
Faigh sparán

Conas a bheith sábháilte

Tá freagracht ag baint le saoirse airgeadais agus leis an gcumas cistí a rochtain agus a úsáid áit ar bith - níl aon tacaíocht do chustaiméirí in crypto. Tá tú freagrach as do chuid eochracha a choinneáil slán.

Glac freagracht as do chuid cistí féin

Nascfaidh malartáin láraithe do sparán le hainm úsáideora agus pasfhocal ar féidir leat a aisghabháil tríd an ngnáthnós. Ach cuimhnigh go bhfuil tú ag cur muiníne sa mhalartán sin le cúram do chistí. Má tá trioblóid airgeadais ag an malartán, bheadh ​​do chistí i mbaol.

Scríobh síos do

Is minic a thabharfaidh sparán frása síolta duit nach mór duit a scríobh síos áit éigin sábháilte. Is é seo an t-aon bhealach a mbeidh tú in ann do sparán a aisghabháil.

Seo sampla:

there aeroplane curve vent formation doge possible product distinct under spirit lamp

Ná stóráil ar ríomhaire é. Scríobh síos é agus coinnigh slán é.

Leabharmharcáil do sparán

Má úsáideann tú sparán gréasáin, leabharmharcáil an suíomh chun tú féin a chosaint ar chamscéimeanna fioscaireachta.

Seiceáil gach rud faoi thrí

Cuimhnigh nach féidir idirbhearta a aisiompú agus nach féidir sparán a aisghabháil go héasca, mar sin déan réamhchúraimí agus bí cúramach i gcónaí.

Foghlaim faoi Ethereum

Tástáil do chuid eolais Ethereum

An raibh an leathanach seo cabhrach?