Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Airgeadas díláraithe (DeFi)

  • Rogha dhomhanda, oscailte ar an gcóras airgeadais reatha.
  • Táirgí a ligeann duit iasacht a fháil, airgead a shábháil, agus infheistíocht agus trádáil a dhéanamh, agus go leor eile.
  • Bunaithe ar theicneolaíocht foinse oscailte ar féidir le duine ar bith a ríomhchlárú.

Is córas airgeadais oscailte agus domhanda é DeFi a tógadh don aois idirlín – rogha eile ar chóras atá teimhneach, rialaithe go docht agus á choinneáil le chéile ag bonneagar agus ag próisis atá fiche nó tríocha bliain d’aois. Tugann sé smacht agus infheictheacht duit ar do chuid airgid. Tugann sé nochtadh duit do mhargaí domhanda agus roghanna eile seachas d’airgeadra áitiúil nó do roghanna baincéireachta. Osclaíonn táirgí DeFi seirbhísí airgeadais d’aon duine a bhfuil nasc idirlín acu agus is lena n-úsáideoirí den chuid is mó atá siad faoi úinéireacht agus faoi chothabháil. Go dtí seo tá na billiúin dollar Crypto tar éis sreafa trí fheidhmchláir DeFi agus tá fás ag teacht air gach lá.

Cad é DeFi?

Is téarma comhchoiteann é DeFi le haghaidh táirgí agus seirbhísí airgeadais atá inrochtana do dhuine ar bith atá in ann Ethereum a úsáid - duine ar bith a bhfuil nasc idirlín aige. Le DeFi, bíonn na margaí ar oscailt i gcónaí agus níl aon údaráis láraithe ann ar féidir leo bac a chur ar íocaíochtaí nó rochtain a dhiúltú duit ar rud ar bith. Tá seirbhísí a bhí mall roimhe seo agus i mbaol earráid dhaonna uathoibríoch agus níos sábháilte anois go bhfuil siad láimhsithe le cód gur féidir le duine ar bith a iniúchadh agus a scrúdú.

Tá borradh faoi gheilleagar crypto i gcéin is i gcóngar, áit ar féidir leat iasacht a thabhairt, iasacht a fháil, fadtéarmach/gearrthéarmach, ús a thuilleamh agus go leor eile. Bhí DeFi in úsáid ag Airgintínigh atá an-eolach ar crypto chun éalú ó bhoilsciú géar. Tá tús curtha ag cuideachtaí lena gcuid pá a shruthú i bhfíor-am. Tá roinnt daoine tar éis iasachtaí ar fiú na milliúin dollar iad a thógáil amach agus a íoc gan aon ghá le haon chéannacht phearsanta.

DeFi vs airgeadas traidisiúnta

Ceann de na bealaí is fearr chun acmhainneacht DeFi a fheiceáil ná na fadhbanna atá ann inniu a thuiscint.

  • Ní thugtar rochtain do dhaoine áirithe chun cuntas bainc a bhunú nó seirbhísí airgeadais a úsáid.
  • Is féidir le heaspa rochtana ar sheirbhísí airgeadais daoine a chosc ón bhfostaíocht.
  • Is féidir le seirbhísí airgeadais bac a chur ort íocaíochtaí a fháil.
  • Is ionann muirear folaithe seirbhísí airgeadais agus do shonraí pearsanta.
  • Is féidir le rialtais agus le hinstitiúidí láraithe margaí a dhúnadh de réir tola.
  • Is minic a bhíonn uaireanta trádála teoranta d'uaireanta gnó de chrios ama ar leith.
  • Is féidir go nglacann aistrithe airgid laethanta le déanamh mar gheall ar phróisis inmheánacha daonna.
  • Tá préimh ag baint le seirbhísí airgeadais mar ní mór d’institiúidí idirghabhála iad a ghearradh.

Comparáid

DeFiAirgeadas traidisiúnta
Coinníonn tú do chuid airgid.Tá do chuid airgid i seilbh cuideachtaí.
Rialaíonn tú cá háit a dtéann do chuid airgid agus conas a chaitear é.Caithfidh tú muinín a bheith agat as cuideachtaí gan do chuid airgid a chur amú, amhail iasachtú a dhéanamh d'iasachtaithe contúirteacha.
Tarlaíonn aistrithe cistí faoi chionn cúpla nóiméid.Is féidir le híocaíochtaí laethanta a ghlacadh mar gheall ar phróisis láimhe.
Is iad daoine a bhfuil ainmneacha bréige leo a dhéanann gníomhaíocht idirbhirt.Téann gníomhaíocht airgeadais lámh ar láimh le do chéannacht.
Tá DeFi oscailte do dhuine ar bith.Ní mór duit iarratas a dhéanamh chun seirbhísí airgeadais a úsáid.
Bíonn na margaí ar oscailt i gcónaí.Dúnann na margaí mar go dteastaíonn sosanna ó fhostaithe.
Tá sé bunaithe ar thrédhearcacht - is féidir le duine ar bith breathnú ar shonraí táirge agus iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi a n-oibríonn an córas.Is leabhair dhúnta iad institiúidí airgeadais: ní féidir leat iarraidh féachaint ar a stair iasachtaí, ar thaifead ar a sócmhainní bainistithe, agus mar sin de.
Foghlaim faoi aipeanna DeFi

Thosaigh sé le Bitcoin...

Is iomaí sin dóigh gurbh é Bitcoin an chéad fheidhmchlár DeFi. Ligeann Bitcoin duit úinéireacht a bheith agat ar luach agus é a rialú agus a sheoladh áit ar bith ar fud an domhain. Déantar é sin trí bhealach a sholáthar faoi choinne líon mór daoine, nach bhfuil muinín acu as a chéile, chun comhaontú ar mhórleabhar cuntas gan gá le hidirghabhálaí iontaofa. Tá Bitcoin oscailte do dhuine ar bith agus níl an t-údarás ag aon duine a rialacha a athrú. Tá rialacha Bitcoin, cosúil lena ghanntanas agus a oscailteacht, scríofa isteach sa teicneolaíocht. Níl sé cosúil le hairgeadas traidisiúnta nuair is féidir le rialtais airgead a phriontáil, rud a dhíluachálann do choigilteas agus is féidir le cuideachtaí margaí a dhúnadh.

Tógann Ethereum air sin. Cosúil le Bitcoin, ní féidir leis na rialacha athrú ort agus tá rochtain ag gach duine. Ach déanann sé an t‑airgead digiteach seo in‑ríomhchláraithe freisin, trí úsáid a bhaint as , ionas gur féidir leat dul níos faide ná luach a stóráil agus a sheoladh.

Airgead in-ríomhchláraithe

Tá cuma ait ar an scéal seo... "cén fáth a mbeinn ag iarraidh mo chuid airgid a ríomhchlárú"? Mar sin féin, níl sé seo ach ina ghné réamhshocraithe de chomharthaí ar Ethereum. Is féidir le duine ar bith an loighic a ríomhchlárú in íocaíochtaí. Mar sin is féidir leat rialú agus slándáil Bitcoin a fháil i dteannta leis na seirbhísí a sholáthraíonn institiúidí airgeadais. Leis sin ligtear duit rudaí a dhéanamh le criptea-airgeadraí nach féidir leat a dhéanamh le Bitcoin cosúil le hiasachtaí a thabhairt agus iasachtaí a fháil, íocaíochtaí a sceidealú, infheistíocht a dhéanamh i gcistí innéacs agus go leor eile.

Foghlaim faoinár moltaí le haghaidh feidhmchláir DeFi le triail a bhaint astu mura bhfuil tú cleachta le hEthereum.
Foghlaim faoi aipeanna DeFi

Cad is féidir leat a dhéanamh le DeFi?

Tá rogha dhíláraithe eile ann seachas an chuid is mó de na seirbhísí airgeadais. Ach cruthaíonn Ethereum deiseanna freisin chun táirgí airgeadais a chruthú atá go hiomlán nua. Is liosta é seo atá ag méadú i gcónaí.

Seol airgead ar fud na cruinne go tapa

Mar bhlocshlabhra, tá Ethereum deartha chun idirbhearta a sheoladh ar bhealach slán agus domhanda. Cosúil le Bitcoin, déanann Ethereum airgead a sheoladh ar fud an domhain chomh héasca le ríomhphost a sheoladh. Cuir isteach (cosúil le bob.eth) nó seoladh cuntais an fhaighteora ó do sparán agus rachaidh d’íocaíocht díreach chucu faoi chionn nóiméid (go hiondúil). Chun íocaíochtaí a sheoladh nó a fháil, beidh sparán uait.

Féach daipeanna íocaíochta

Sruthaigh airgead ar fud an domhain...

Is féidir leat airgead a shruthú thar Ethereum freisin. Leis sin ligtear duit a dtuarastal a íoc le duine de réir gach soicind a oibríonn siad, rud a thugann rochtain dóibh ar a gcuid airgid nuair a bhíonn sé ag teastáil uathu. Nó faigh rud éigin ar cíos de réir gach soicind a úsáideann tú é cosúil le taisceadán stórála nó scútar leictreach.

Agus mura bhfuil tú ag iarraidh a sheoladh nó a shruthú mar gheall ar an méid is féidir a luach a athrú, tá airgeadraí eile ar Ethereum: .

Faigh rochtain ar airgeadraí cobhsaí

Is fadhb í luaineacht criptea-airgeadra le haghaidh go leor táirgí airgeadais agus caiteachas ginearálta. Tá pobal DeFi tar éis é seo a réiteach le Stablecoins. Fanann a luach pionnáilte le sócmhainn eile, airgeadra coitianta cosúil le dollar de ghnáth.

Tá luach ag boinn cosúil le Dai nó USDC a fhanann laistigh de chúpla cent dollar. Leis seo tá siad foirfe iad le haghaidh tuillimh nó miondíola. Bhain go leor daoine i Meiriceá Laidineach úsáid as Stablecoins mar bhealach chun a gcuid coigilteas a chosaint in am an-éiginnte dá n-airgeadraí arna n-eisiúint ag an rialtas.

Tuilleadh faoi stablecoins

Iasachtaíocht

Tá dhá phríomhchineál ann chun airgead a fháil ar iasacht ó sholáthraithe díláraithe.

  • Idir comhghleacaí, rud a chiallaíonn go bhfaighidh an t‑iasachtaí an iasacht go díreach ó iasachtóir ar leith.
  • Pobalbhunaithe nuair a chuireann iasachtóirí cistí (leachtacht) ar fáil do chomhthiomsú ar féidir le hiasachtaithe iasachtaí a fháil uaithi.
Féach daipeanna iasachtaíochta

Tá go leor buntáistí ag baint le hiasachtóir díláraithe a úsáid...

Iasachtaíocht le príobháideacht

Sa lá atá inniu ann, is iad na daoine aonair atá i gceist an t‑airgead a thabhairt ar iasacht agus a fháil ar iasacht. Caithfidh fios a bheith ag bainc cé acu an dóigh go n‑aisíocfaidh tú iasacht roimh iasacht a thabhairt.

Oibríonn iasachtú díláraithe gan iallach a bheith ar cheachtar páirtí iad féin a aithint. Ina áit sin, ní mór don iasachtaí comhthaobhacht a gheobhaidh an t-iasachtóir go huathoibríoch a chur suas mura n-aisíoctar an iasacht. Glacann roinnt iasachtóirí fiú le mar chomhthaobhacht. Is gníomhas iad NFTanna do shócmhainn uathúil, cosúil le pictiúr. Tuilleadh faoi NFTanna

Leis sin ligtear duit airgead a fháil ar iasacht gan seiceálacha creidmheasa nó faisnéis phríobháideach a thabhairt duit.

Rochtain ar chistí domhanda

Nuair a úsáideann tú iasachtóir díláraithe tá rochtain agat ar chistí arna dtaisceadh ó gach cearn den domhan, ní hamháin na cistí atá faoi chúram an bhainc nó na hinstitiúide atá roghnaithe agat. Leis sin déantar iasachtaí níos inrochtana agus feabhsaítear sé na rátaí úis.

Éifeachtúlachtaí cánach

Is féidir le hiasachtaí rochtain a thabhairt duit ar na cistí a theastaíonn uait gan do chuid ETH a dhíol (imeacht inchánach). Ina áit sin, is féidir leat ETH a úsáid mar chomhthaobhacht le haghaidh iasacht stablecoin. Leis sin tugtar duit an sreabhadh airgid atá uait agus ligeann duit do chuid ETH a choinneáil. Is comharthaí iad stablecoins atá i bhfad níos fearr nuair a bhíonn airgead de dhíth ort toisc nach n-athraíonn luach mar ETH. Tuilleadh ar stablecoins

Splanc-iasachtaí

Is cineál níos turgnamhaí d'iasachtaí díláraithe iad splanc‑iasachtaí trína ligtear duit iasacht a fháil gan comhthaobhacht ná aon fhaisnéis phearsanta a sholáthar.

Níl siad inrochtana go forleathan ag daoine neamhtheicniúla faoi láthair ach tugann siad le fios cad a d'fhéadfadh a bheith indéanta do gach duine amach anseo.

Oibríonn sé ar an mbonn go dtógtar amach an iasacht agus go n-íoctar ar ais é laistigh den idirbheart céanna. Murar féidir é a íoc ar ais, filleann an t-idirbheart amhail is nár tharla aon rud riamh.

Coinnítear na cistí a úsáidtear go minic i gcomhthiomsaithe leachtachta (comhthiomsuithe móra cistí a úsáidtear chun iasacht a fháil). Mura bhfuil siad á n-úsáid ag tráth ar leith, cruthaíonn sé seo deis do dhuine éigin na cistí seo a fháil ar iasacht, gnó a dhéanamh leo agus iad a aisíoc ina n-iomláine go litriúil ag an am céanna a fhaightear ar iasacht iad.

Ciallaíonn sé sin nach mór go leor loighce a chur san áireamh in idirbheart an-saincheaptha. Sampla simplí is ea duine a úsáideann splanc-iasacht chun an oiread sin de shócmhainn a fháil ar iasacht ar phraghas amháin ionas gur féidir leo é a dhíol ar mhalartán eile nuair a bhíonn an praghas níos airde.

Mar sin, in aon idirbheart amháin, tarlaíonn an méid seo a leanas:

  • Faigheann tú X méid de $asset ar $1.00 ar iasacht ó mhalartán A
  • Díolann tú sócmhainn X $asset ar mhalartán B ar $1.10
  • Íocann tú iasacht ar ais chuig malartán A
  • Coinníonn tú an brabús lúide an táille idirbhirt

Dá dtitfeadh soláthar mhalartán B go tobann agus nach raibh an t-úsáideoir in ann a dhóthain a cheannach chun an iasacht bhunaidh a chlúdach, theipfeadh ar an idirbheart.

Le bheith in ann an sampla thuas a dhéanamh i saol an airgeadais thraidisiúnta, bheadh ​​méid ollmhór airgid uait. Níl teacht ar na straitéisí seo chun airgead a dhéanamh ach amháin dóibh siúd a bhfuil saibhreas acu cheana féin. Is sampla iad splanc‑iasachtaí de thodhchaí nuair nach gá go mbeidh airgead ina réamhriachtanas chun airgead a dhéanamh.

Tuilleadh faoi splanc‑iasachtaí(opens in a new tab)

Tosaigh ag sábháil le crypto

Iasachtú

Is féidir leat ús a thuilleamh ar do crypto trína thabhairt ar iasacht agus féachaint ar do chistí ag fás i bhfíor-am. Faoi láthair tá rátaí úis i bhfad níos airde ná mar is dócha a gheobhaidh tú ag do bhanc áitiúil (má tá an t-ádh leat a bheith in ann rochtain a fháil ar cheann). Seo sampla:

  • Tugann tú do 100 Dai, stablecoin, ar iasacht do tháirge cosúil le Aave.
  • Faigheann tú 100 Aave Dai (aDai) arb ionann é agus an Dai a fuair tú ar iasacht.
  • Méadóidh do aDai bunaithe ar na rátaí úis agus feicfidh tú d’iarmhéid ag fás i do sparán. Ag brath ar an , beidh iarmhéid do sparáin rud éigin mar 100.1234 tar éis cúpla lá nó fiú cúpla uair an chloig!
  • Is féidir leat méid Dai rialta a aistarraingt atá comhionann le d’iarmhéid aDai ag am ar bith.
Féach daipeanna iasachta

Crannchuir gan chailliúint

Bealach nua spraíúil nuálach chun airgead a shábháil is ea crannchuir gan chailliúint mar PoolTogether.

  • Ceannaíonn tú 100 ticéad trí úsáid a bhaint as 100 comhartha Dai.
  • Faigheann tú 100 plDai a léiríonn do 100 ticéad.
  • Má roghnaítear ceann de do thicéid mar bhuaiteoir, méadófar d’iarmhéid plDai faoi mhéid na linne duaise.
  • Mura mbíonn an bua agat, rachaidh do 100 plDai ar aghaidh chuig tarraingt na seachtaine seo chugainn.
  • Is féidir leat méid Dai rialta a tharraingt siar atá comhionann le d’iarmhéid plDai ag am ar bith.

Gintear an chomhthiomsú duaiseanna leis an ús ar fad a ghintear trí thaiscí ticéad a thabhairt ar iasacht mar atá sa sampla iasachta thuas.

Bain triail as PoolTogether(opens in a new tab)

Babhtáil comharthaí

Tá na mílte comharthaí ar Ethereum. Le malartáin dhíláraithe (DEXanna) ligtear duit comharthaí éagsúla a thrádáil aon uair is mian leat. Ní éiríonn tú as smacht ar do shócmhainní riamh. Tá sé cosúil le malartán airgeadra a úsáid agus cuairt á tabhairt ar thír eile. Ach ní dhúnann an leagan DeFi riamh. Tá na margaí ar oscailt 24/7, 365 lá sa bhliain agus ráthaíonn an teicneolaíocht go mbeidh duine ann i gcónaí chun glacadh le trádáil.

Mar shampla, más mian leat an crannchur gan chailliúint PoolTogether (a gcuirtear síos air thuas) a úsáid, beidh comhartha cosúil le Dai nó USDC ag teastáil uait. Ligeann na DEXanna seo duit do chuid ETH a mhalartú ar na comharthaí sin agus ar ais arís nuair a bheidh tú críochnaithe.

Féach ar mhalartáin comharthaí

Ardtrádáil

Tá roghanna níos forbartha ann do thrádálaithe ar mhaith leo beagán níos mó smachta. Is féidir orduithe teorann, suthain, trádáil corrlaigh agus tuilleadh. Le trádáil dhíláraithe faigheann tú rochtain ar leachtacht dhomhanda, ní dhúnann an margadh choíche, agus bíonn smacht agat i gcónaí ar do chuid sócmhainní.

Nuair a úsáideann tú malartán láraithe caithfidh tú do shócmhainní a thaisceadh roimh an trádáil agus muinín a bheith agat as aire a thabhairt dóibh. Cé go bhfuil do shócmhainní i dtaisce, tá siad i mbaol mar gur spriocanna tarraingteacha iad malartáin láraithe do hackers.

Féach daipeanna trádála

Fás do phunann

Tá táirgí bainistíochta cistí ar Ethereum a dhéanfaidh iarracht do phunann a fhás bunaithe ar straitéis de do rogha féin. Tá sé seo uathoibríoch, oscailte do chách, agus ní gá bainisteoir daonna a thógann ciorrú ar do bhrabúis.

Sampla maith is ea an ciste Innéacs Pulse DeFi (DPI)(opens in a new tab). Is ciste é seo a athchothromaíonn go huathoibríoch chun a chinntiú go n-áiríonn do phunann na comharthaí DeFi is fearr i gcónaí trí chaipitliú margaidh. Ní gá duit aon cheann de na sonraí a bhainistiú riamh agus is féidir leat tarraingt siar ón gciste aon uair is mian leat.

Féach daipeanna infheistíochta

Déan do chuid smaointe a mhaoiniú

Is ardán iontach é Ethereum le haghaidh an tslua-chistithe:

  • Is féidir le maoinitheoirí ionchasacha teacht ó áit ar bith - tá Ethereum agus a chuid comharthaí oscailte d'aon duine, áit ar bith ar domhan.
  • Tá sé trédhearcach ionas gur féidir le tiomsaitheoirí airgid a chruthú cé mhéad airgid a bailíodh. Is féidir leat a rianú fiú conas atá cistí á chaitheamh níos déanaí.
  • Is féidir le tiomsaitheoirí airgid aisíocaíochtaí uathoibríocha a shocrú má tá, mar shampla, spriocdháta sonrach agus íosmhéid nach bhfuil comhlíonta.
Féach daipeanna slua-chistithe

Maoiniú cuadratach

Is bogearraí foinse oscailte é Ethereum agus go dtí seo tá go leor den obair maoinithe ag an bpobal. Mar thoradh air sin tá fás ar shamhail nua spéisiúil tiomsaithe airgid: maoiniú cuadratach. D’fhéadfadh sé seo feabhas a chur ar an mbealach a mhaoinímid gach cineál earraí poiblí sa todhchaí.

Cinntíonn maoiniú cearnógach gurb iad na tionscadail a fhaigheann an maoiniú is mó na cinn leis an éileamh is uathúla. I bhfocail eile, tionscadail a sheasann chun feabhas a chur ar shaol na ndaoine is mó. Seo mar a oibríonn sé:

  1. Tá comhthiomsú cistí deonaithe ann.
  2. Cuirtear tús le babhta maoinithe poiblí.
  3. Is féidir le daoine a n-éileamh ar thionscadal a chur in iúl trí roinnt airgid a bhronnadh.
  4. Nuair a bhíonn an babhta thart, déantar an linn mheaitseála a dháileadh ar thionscadail. Faigheann na daoine sin leis an éileamh is uathúla an méid is airde ón linn mheaitseála.

Ciallaíonn sé sin go bhféadfadh níos mó maoinithe a bheith ag Tionscadal A lena 100 deonachán de 1 dhollar ná mar a bheadh ​​i dTionscadal B le síntiús amháin de 10,000 dollar (ag brath ar mhéid na linne meaitseála).

Tuilleadh faoi mhaoiniú cuadratach(opens in a new tab)

Árachas

Tá sé mar aidhm ag árachas díláraithe árachas a dhéanamh níos saoire, níos tapúla le híoc amach agus níos trédhearcaí. Le uathoibrithe breise, bíonn clúdach níos inacmhainne agus bíonn íocaíochtaí amach i bhfad níos tapúla. Tá na sonraí a úsáidtear chun cinneadh a dhéanamh ar d’éileamh go hiomlán trédhearcach.

Is féidir le táirgí Ethereum, cosúil le haon bhogearraí, fulaingt ó fhabhtanna agus ó dhúshaothair. Mar sin, anois díreach tá a lán de na táirgí árachais sa spás ag díriú ar a n-úsáideoirí a chosaint i gcoinne caillteanas cistí. Mar sin féin, tá tionscadail ag tosú ar chlúdach a fhorbairt do gach rud a d'fhéadfadh tarlú sa saol. Sampla maith de seo is ea clúdach Barraí Etherisc a bhfuil sé mar aidhm aige feirmeoirí ar sealbhóirí beaga iad sa Chéinia a chosaint ar thriomaigh agus tuilte(opens in a new tab). Is féidir le hárachas díláraithe cumhdach níos saoire a sholáthar d’fheirmeoirí ar minic a mbíonn praghsanna le haghaidh árachas traidisiúnta ró-ard.

Féach daipeanna árachais

Comhbhailitheoirí agus bainisteoirí punainne

Agus an oiread sin ar siúl, beidh bealach uait chun súil a choinneáil ar do chuid infheistíochtaí, iasachtaí agus trádála go léir. Tá go leor táirgí ann a ligeann duit do ghníomhaíocht DeFi go léir a chomhordú ó áit amháin. Seo áilleacht ailtireacht oscailte DeFi. Is féidir le foirne comhéadain a chruthú nach féidir leat d'iarmhéideanna thar tháirgí a fheiceáil, ach is féidir leat a gcuid gnéithe a úsáid freisin. Seans go mbeidh sé seo úsáideach duit agus tú ag foghlaim tuilleadh faoi DeFi.

Féach daipeanna punann

Conas a oibríonn DeFi?

Úsáideann DeFi criptea-airgeadraí agus conarthaí cliste chun seirbhísí a sholáthar nach bhfuil idirghabhálaithe ag teastáil uathu. I saol airgeadais an lae inniu, gníomhaíonn institiúidí airgeadais mar ráthóirí idirbheart. Tugann sé sin cumhacht ollmhór do na hinstitiúidí seo toisc go sreabhann do chuid airgid tríothu. Ina theannta sin ní féidir leis na billiúin daoine ar fud an domhain rochtain a fháil ar chuntas bainc fiú.

In DeFi, cuirtear conradh cliste in ionad na hinstitiúide airgeadais san idirbheart. Is cineál de chuntas Ethereum é conradh cliste ar féidir leis cistí a shealbhú agus is féidir iad a sheoladh / a aisíoc bunaithe ar choinníollacha áirithe. Ní féidir le duine ar bith an conradh cliste sin a athrú agus é beo – beidh sé ar siúl i gcónaí mar atá ríomhchláraithe.

D’fhéadfaí conradh atá deartha chun liúntas nó airgead póca a thabhairt amach a ríomhchlárú chun airgead a sheoladh ó Chuntas A go Cuntas B gach Aoine. Agus ní dhéanfaidh sé é sin ach amháin má bhíonn na cistí dóthanacha ag Cuntas A. Ní féidir le duine ar bith an conradh a athrú agus Cuntas C a chur leis mar fhaighteoir chun cistí a ghoid.

Tá conarthaí poiblí freisin d’aon duine le cigireacht agus iniúchadh a dhéanamh orthu. Ciallaíonn sé sin go dtiocfaidh droch-chonarthaí faoi ghrinnscrúdú pobail tapa go leor.

Ciallaíonn sé sin go bhfuil gá ann faoi láthair muinín a chur sna baill níos teicniúla de phobal Ethereum atá in ann cód a léamh. Tríd an bpobal foinse oscailte cabhraítear le forbróirí a choinneáil faoi smacht, ach laghdófar an gá seo le himeacht ama de réir mar a éiríonn conarthaí cliste níos éasca le léamh agus de réir mar a fhorbraítear bealaí eile chun muinín an chóid a chruthú.

Ethereum agus DeFi

Is é Ethereum an bunús foirfe do DeFi ar roinnt cúiseanna:

  • Níl aon úinéireacht ag duine ar Ethereum ná ar na conarthaí cliste a mhaireann air - leis sin tugtar deis do gach duine DeFi a úsáid. Ciallaíonn sé sin freisin nach féidir le duine ar bith na rialacha maidir leatsa a athrú.
  • Labhraíonn táirgí DeFi go léir an teanga chéanna sa chúlra: Ethereum. Ciallaíonn sé sin go n-oibríonn go leor de na táirgí le chéile gan uaim. Is féidir leat comharthaí a thabhairt ar iasacht ar ardán amháin agus an comhartha úsmhar a mhalartú ar mhargadh difriúil ar fheidhmchlár atá difriúil go hiomlán. Tá sé seo cosúil le bheith in ann pointí dílseachta a thabhairt isteach i do bhanc.
  • Tá comharthaí agus criptea-airgeadra ionsuite in Ethereum, mórleabhar comhroinnte - is maith le hEthereum súil a choinneáil ar idirbhearta agus úinéireacht.
  • Ceadaíonn Ethereum saoirse iomlán airgeadais - ní dhéanfaidh formhór na dtáirgí cúram do chistí go deo, rud a fhágann tusa i gceannas.

Is féidir leat smaoineamh ar DeFi i gcisil:

  1. Tá stair na n-idirbheart agus staid na gcuntas sa bhlocshlabhra - Ethereum.
  2. Na sócmhainní – ETH agus na comharthaí eile (airgeadraí).
  3. Na prótacail – trína soláthraítear an fheidhmiúlacht, mar shampla, seirbhís a cheadaíonn iasachtú díláraithe sócmhainní.
  4. Na feidhmchláir – na táirgí a úsáidimid chun na prótacail a bhainistiú agus a rochtain.

Nóta: úsáideann cuid mhór de DeFi . Úsáideann feidhmchláir in DeFi fillteán le haghaidh ETH ar a dtugtar éitear fillte (WETH). Foghlaim tuilleadh faoi éitear fillte.

Tóg Defi

Is gluaiseacht foinse oscailte é DeFi. Tá prótacail agus feidhmchláir DeFi ar fáil duit le hiniúchadh, forcáil agus nuálaíocht a dhéanamh orthu. Mar gheall ar an gcruach shraitheach seo (comhroinneann siad go léir an bonn blocshlabhra agus sócmhainní céanna), is féidir prótacail a mheascadh agus a mheaitseáil chun deiseanna uathúla teaglama a dhíghlasáil.

Tuilleadh faoi dhaipeanna a thógáil

Tuilleadh léitheoireachta

Sonraí Defi

Ailt DeFi

Físeáin

Pobail

Tástáil do chuid eolais Ethereum

An raibh an leathanach seo cabhrach?